menu_open Columnists
We use cookies to provide some features and experiences in QOSHE

More information  .  Close

Tuairim: Má táimid dáiríre faoin nGaeilge, tá sé réasúnta a bheith ag súil go mbeadh an tUachtarán in ann í a labhairt

13 0
wednesday

(You can read an English version of this piece here.)

I RITH AN fheachtais reatha tá ceist amháin á fhiosrú arís is arís eile: Ar cheart go
mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán?

Mar fhreagra ar seo chur Daithí Ó Sé ceist eile leis: “An bhfuil aon tír eile ar domhan ann a chuirfeadh an cheist seo orthu féin, an bhfuil sé riachtanach go mbeadh céad teanga na tíre ag an gCéad Saoránach?”

Tá cás ann le rá go mba cheart go mbeadh cur amach ag an Uachtarán ar an nGaeilge de bharr ndualgaisí bunreachtúla atá ar an Uachtarán.

Nuair a lead Éamon de Valera amach ról an Uachtaráin ‘sna díospóireachtaí Dála ar an mBunreacht, rinne sé cur síos air mar ról “chun cearta na ndaoine a chosaint agus go príomhúil leis an mBunreacht féin a chosaint”.

Tá an fhreagracht seo le feiceáil go soiléir ‘sna sé chumhacht lánroghnacha atá ag an Uachtarán agus é/í in ann iad a úsáid ar a chomhairle féin; an chumhacht le billí a chur os comhar na Cúirte Uachtaraí faoi Airteagal 26, go príomhúil, nuair a ardaítear ceist faoi bhunreachtúlacht.

Gan dabht, is í an chumhacht a bhaineann le bíllí a chur os comhar na Cúirte an chumhacht is tábhachtaí agus tá leas bainte aisti cúpla n-uaire, níl leas bainte ag aon Uachtarán as na cumhachtaí eile lánroghnach go dtí seo.

Is cumhacht thromchúiseach í an chumhacht seo, nuair a dhearbhaíonn an Chúirt Uachtarach go bhfuil bille bunreachtúil, ní féidir le haon duine cur ina choinne ar an mbonn sin arís. Ciallaíonn sé seo go bhfuil gá go mbeadh tuiscint láidir ag an Uachtarán ar nithe bunreachtúla le measanú a dhéanamh maidir le cathain ar cheart bille ar chur os comhar na........

© TheJournal